Seachadadh Druga

Drugdelivery2
© SGI 2014

Comhghuallaithe Nua Leighis

Bhí Max gnóthach ag imirt físchluiche, agus bhí Lily dubh dóite ag fanacht go n-osclódh a ngeata ag Aerfort Heathrow. Chas Max a chorp ó dheas agus ar chlé, agus greim láidir aige ar a scáileán tanaí. Bhí an cuma air go raibh sé ag iarraidh rud éigin a sheachaint.

“Céard atá á dhéanamh agat ansin,” a d’iarr Lily air, agus í leath-fiosrach, leath-codlatach. Níor fhéach Max uirthi ionas go mbeadh sé in ann díriú ar a chluiche, ach d’fhreagair sé go tapaidh. “Creid é nó ná creid, tá m’obair bhaile é dhéanamh agam.” Bhí an oiread ionadh sin ar Lily go ndeachaigh sé sall chuige.

 “I ndáiríre? Táimid ar turas timpeall na hEorpa agus tá ciúg lá fágtha again sula bhfilleann muid ar an mbaile agus tá do chuid obair bhaile á dhéanamh agat?”

“Sea, táim,” a d’fhreagair Max, beagnach ag léim suas agus ag iarraidh constaic dofheicthe a sheachaint. Bhí an cosúlacht air go raibh sé greamaithe dá tháibléad.

“Cén cineál obair bhaile atá ann, go bhféadfadh sé bheith chomh suimiúil sin?’ a d’iarr Lily air, ag tabhairt sonc dá lámh. Stop Max ag bogadh agus bhí dreach pianmhar ar a aghaidh. Frithchaith an scáileán ‘CLUICHE CRÍOCHNAITHE’ ollmhór i litreacha bhreoite.

 “Oops!” a dúirt Lily. “Tá brón orm”. Luí Max siar ina shuíochán agus díoma air.  “M’obair bhaile fiseolaíochta a bhí anseo. Bhí orainn an nanaróbát a chur ar vireas sa sruth fola,’ a dúirt sé go brónach.

D’fhéach Lily air go meabhrach, agus thosaigh Max ag míniú. Ag an nanascála, ‘sé sin scála billion uaire níos lú ná méadar, tá féidireacht cruthaithe ag nanateicneolaíocht chun teacht ar ghalair nuair a bhíonn siad ag céimeanna luath, agus chun drugaí a sheachadadh go cillíní sonracha ag úsáid nanacáithníní. A bhuíochas de nanateicneolaíocht, is féidir obráidí agus córacha cógaisaíochta a íoslaghdú.

 

Caithfear trí chomhbhall a chumascú chun córas dírithe druga cliste a bheith ann. I dtosach, tá grúpa dírithe againn, gur féidir bheith ina phróitéin, anta-substainte, nó móilín lucthaite a aithneoidh agus a cheanglóidh leis an bhfiochán sprice áit a bhfuil an fhadhb lonnaithe. Ansin, tá iomprán ag teastáil uainn, atá ceangailte leis an druga, nó i bhfocail eile, tá rud éigin ag teastáil uainn chun an drug a iompar. Is féidir le seo a bheith ina liopósóim nó ina nanacáithnín nó macra-mhóilín cosúil le próitéin, DNA nó carbaihiodráit. Ar deireadh, tá drug ag teastáil uainn a leigheasann an fíochán.

Chun scriosadh an iompráin ag córas imdhíonach na coirpe a sheachaint, cuireann muid bratú ar a dhromchla, poiliméar bithoirúnach. Oibríonn an poiliméar seo mar chlóca dofheicthe, ag déanamh an druga dofheicthe don chóras imdhíonach. Chomh maith len é a chur i bhfolach, is féidir leis é a dhéanamh níos lú tocsaineach. Poiliméar coitianta a dhéanann an obair seo, ná Gliocól Poileitiléine, nó ‘PEG’ mar is fear aithne air.

An chéad chéim forbartha sa chóras seachadadh druga seo ná nanaróbát. Is gléasanna micreascópacha iad seo, bídis sintéiseach nó bitheolaíoch, a mhothaíonn agus a dhéanann phróisiú ar eolas, agus a ghníomhaíonn ar nanascála.

Is féidir na gléasanna seo a úsáid do chúiseanna diagnóiseacha maraon le cúiseanna teiripeacha. Úsáideann siad na braiteoirí atá acu chun teacht ar fhadhb agus ansin taistlíonn siad tríd sruth na fola chun an dáileog riachtanach druga a scaoileadh ag an áit cheart. Is féidir le nanaróbáit áiteanna a shroicheadh sa chorp atá deacair nó neamhfhéideartha a shroichint le modhanna eile. Is féidir iad a chur isteach sa chorp toisc chomh beag is atá siad, agus níl de dhíth orthu ach an íosmhéid máinliachta iosionrach. Is féidir leo teacht ar ghalair agus iad ag céimeanna luath, agus is féidir leo troid i gcoinne ionfhabhtaithe ó thaobh istigh den chorp. Tá sé ar nós gur cuireadh saighdiúr cumhachtach nua le h-airm ár gcóras indhíonach féin; comhghuallaí dos na cillíní bána agus do na meicníochtaí cosanta nádúrtha atá againn.

 “Déanadh córais seachadta druga a fhorbairt chun cóir leighis a chur ar dhiabéiteas, AIDS, galar Alzheimer agus go leor galair eile,” a dúirt Max, ag gearradh suntais ar a tháibléid d’ionsamhlú soifisticiúl den sruth fola, agus nanaróbát ag taisteal tríd.

Ach bhí Lily níos tapúla ná é. Sciob sí léi an gléas agus bhrúigh sí an cnaipe ‘TOSAIGH’.  “Ná bí buartha, Max,’ a dúirt sí. “Déanfadsa d’obair bhaile dhuit!” Agus thosaigh sí ag imirt, ag iarraidh teacht ar a targaid, ag taisteal tríd an artaire agus ag déanamh tréan-iarracht gan buaileadh isteach ins na cillíní dearga.