Buneolas

Is togra spreagúil é STIMULATE agus ‘séard atá mar aidhm aige ná tábhacht na n-ábhar inár gnáth-shaol a nochtú. ‘Siad ard-ábhair na comhghuallaithe atá againn do todhchaí inbhuanaithe agus seo hé an príomh teachtaireacht atá mar aidhm againn a léiriú, i 23 teangacha Eorpacha ar bhealach nuálach tré scannán agus cluiche ríomhaire idir-gníomhach a léiriú.

Faigh breis eolais amach faoin ról atá ag ard-ábhair i saincheisteanna sláinte, timpeallachta, nuálaíocht, fuinneamh agus go leor eile sa roinn ‘TAISCÉAL’ agus fan ar an suíomh gréasáin chun blaise rúnda den scannán agus cluiche a fheiceáil. D’fhéadfá freisin do thuairimí fhéin a chur in iúil, an focal a scaipeadh agus cabhrú len’ ár gcúis!

Funding

Fuair an togra seo maoiniú ón Seachtú Creatclár an Aontas Eorpaigh do thaighde, forbairt agus taispeántas teicneolaíochta faoi chomhaontú deontais uimhir 608995

Partners

Tá Ollscoil Náisiúnta Teicneolaíochta Athens (NTUA) ar an ollscoil teicneolaíochta is sinne agus urramaí sa Ghréig. Tá sé roinnte i naoi Scoileanna acadúla. Tá Scoil na Matamaitice Fheidhmeach agus na hEolaíochta Fisiciúil ina pháirtnéir comhordúcháin ar an tionscadail seo. Tá dhá dhiomlóma iarchéime ar ofráil ag an NTUA, a dhíríonn ar ard-ábhair, micreachórais agus nanaghléasanna.

Tá an Lárionad Náisiúnta do Thaighde Eolaíochta Demokritos (NCSRD) ar an lárionad taighde is mó sa Ghréig agus tá sé déanta suas de chúig institúidí, a dhíríonn ar ard-ábhair, nanateicneolaíocht, nanaleictreoineacha, teilachumarsáid, eolaíochtaí bhitheacha, fisic núcléach agus cáitníneach. Tá tradisiún fada ag an lárionad i ngníomhaíochtaí oideachasúla. 

Is institiúid uathúil é an Open University (OU) a sholáthraíonn cianfhoghlaim tacaithe do níos mó ná 250,000 macléinn sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain. Is í an Ollscoil is mó sa RA í, agus tá Innealltóireacht Ábhair ag an OU ar an ghrúpa is mó san RA sa réimse seo. Tá an OU i bpáirtíocht leis an BBC le 40 bliain anuas agus comhléiríonn siad suas le 25 sraitheanna teilifíse agus raidió in aghaidh na bliana. 

Bunaíodh an European Materials Research Society (E-MRS) i Strasbourg in 1983 agus tá sé ar an eagraí comhdhála is mó san Eoraip i réimse ard-ábhar feidhmiúla. Tá na mílte baill aige ó thionscalaíocht, rialtas, saotharlainn acadúla agus taighde a bhuaileann le chéile go rialto chun na forbairtí teicneolaíochta agus eolaíochta is déanaí a phlé. 

Serious Games Interactive (SGI)  a bhfuil gradaim buaite aige agus atá bunaithe ar thaigde, le ceannceathrú aige i gCóbanhávan, sa Danmhairg agus ó 2006, tá caighdéan nua a shocrú aige i dtaobh céard ba chóir bheith ag súil ó chluichí a úsáidtear do chuspóirí thromchúiseacha. Díríonn SGI ar fhorbairt chluichí thromchúiseacha, agus ríomhchlárúchán, beochan, dearadh cluiche agus graificí san áireamh. 

APT Film & Television Limited (APT) bunaithe in Ealing Studios, i gcomhoibriú sineirgisteach leis an Met Film Group. Tá APT tiomnaithe ar fhorbairt agus léiriú scannán nuálacha a dháiltear go hidirnáisiúnta, ar nós an clár fáisnéise “Deep Water”, a bhfuil gradaim buaite aige,  “Wondrous Oblivion”, ar a bhfuil ard-mheas, agus  “Solomon & Gaenor”, scannán fuair ainmniúchán do Oscar. 

tve (television for the environment) is an independent film and media producer who works with filmmakers and partners worldwide to make and distribute films and educational materials that put the environment and sustainability on the global agenda.  tve is helping to promote the STIMULATE materials and producing an educational pack to accompany the project.