Fótóvoltacha

photovoltaics.jpg
© SGI 2014

Cathair na Soilse

Bhí Max agus Lily ag baint sult as an tráthnóna ag café Párasach cruthanta.  Toisc go raibh gathanna deireanacha na gréine i bhfolach taobh thiar de bhun na spéire, las soilse an Túr Eiffel suas, ag tabhairt a gcuid dathanna uathúla oíche don chathair.

“An raibh a fhios agat go raibh cosc ar shoilsiú i 2013?” a dúirt Max. “bhí ar na siopaí agus foirgnimh neamh-chónaithe a gcuid soilse inmhéanacha a mhúcadh ag 1 r.n. ar a dhéanaí.

 “Is dócha gur laghdaíodh astuithe díocsaíd charbón, ach caithfidh go raibh sé cineál brónach…cathair na soilse…gan solas?” a dúirt Lily. “Ach anois, féach ar an radharc glórmhar seo!” Shín sí a mhéar i dtreo an Túr Eiffel a bhí ag lasadh agus a bhí timpeallaithe ag séadchomharthaí agus iarsmalainn soilsithe. “Agus tá siad uilig luchtaithe ag an ghrian. An bhfeiceann tú an foirgneamh fiúise thall ansin? Is bratú de ghrianchealla orgánacha an péint atá aige.”

Chaith Max a shúile i dtreo na bhFlaithis agus gháir sé. ‘Fiúise? An dath é sin fiú amháin? Agus ná tosaigh ar ghrianchealla orgánacha liom. An bhfuil a fhios agat cén chiall atá le ‘orgánach’? An bhfuil a fhios agat fiú céard is grianchill ann?”

Shuí Lily díreach ina cathair agus d’fhreagair sí an dúshlán a bhí curtha síos aige. Thosaigh sí ag míniú gur ‘séard a bhí i ngrianchill ná gléas a ionsúann solas ón ghrian agus a thiontaíonn go fuinneamh leictreach é. Is féidir an fhuinneamh seo a úsáid go díreach (tré lampa a lasadh mar shampla) nó í a stóráil i gceallra.

 ‘Grianchill orgánach’ a dúirt sí ‘tugtar grianchill plaisteach chomh maith air, is as poiliméirí atá sé déanta, comhshuíomh charbóin le cruth ‘buckyball’. Agus tá airí plaisteacha tógtha ag an grianchill plaisteach air fhéin; tá sé solúbtha, soar agus éasca le déanamh. Agus is féidir athchúrsáil a dhéanamh air!

 “Agus tá dáta éaga aige cosúil le mórchuid plaisteacha eile!” a dúirt Max. Dúirt sé gur as sileacain a bhí grianchealla tradisiúnta déanta agus gur mhair siad níos faide agus go rabhadar níos saoire. Ansin, thaispeán sé a fón póca di ina raibh grianchill sileacain comhtháite aige chun an ceallra a luchtú. Thóg Lily a fón póca amach chomh  maith agus thaispeán sí a chás solúbtha agus faiseanta, a bhí déanta as griancheall orgánach. Rinne Max magadh faoi, mar bhí a ghléas siúd ag luchtú níos tapúla.

 “Ach ní hé an fuinneamh atá iontu, ach an fuinneamh a úsáideann muid chun iad a dhéanamh chomh maith,’ a dúirt Lily. ‘Níl an oiread sin fuinnimhe ag teastáil chun grianchealla orgánacha a dhéanamh agus ba chóir smaoineamh ar seo nuair atá éifeachtúlacht á phlé,’ a dúirt Lily.

Lean sí léi ag caint faoi airm nua ábhar, peróivscítí, ainmíodh tar éis an mianreolaí cáiliúil Lev Perovski, a úsáidtear sa chogadh do fótóvoltacha éifeachtúla agus inbhuanaithe. Is comhdhúileacha iad seo ina bhfuil páirteanna orgánacha agus neamhorgánacha ina struchtúr. Tá na h-ábhair seo flúirseach go ginearálta, inbhuanach agus an-éifeachtúil.

 “Bhuel, má táimid ag labhairt faoi éifeachtúlacht, cén fáth nach n-úsíadtear arsainíd ghailliam dár ghrianchealla! Sin éifeachtúlacht! Agus tá siad chomh láidir agus buanfasach,’ a dúirt Max.

 “Ach… is féidir le na comhdhúileacha ceimiceacha sin, ag a bhfuil ainmneacha ait orthu, a bheith tocsaineach! Ba choir iad a choiméad i bhfad amach ón domhan!” a dúirt Lily, agus í ar mire.

“Go deimhin” a dúirt Max, “sin iad na grianchealla a úsáidtear sa spás. Cén áit a cheapann tú go bhfaigheann na satailítí a gcuid cumhachta? Níl siad curtha isteach in eangaí cumhachta!” a dúirt sé, ag magadh fúithi.

Thuig Lily go raibh sé ag déanamh grin, agus shocraigh sí agus rinne sí meangadh gáire. Luí sí siar agus d’fhéach sí ar na foirgnimh poiblí; bhíodar go léir péinteáilte i ndathanna difriúla, an Túr Eiffel san áireamh, iad go léir ag bailiú a dhóthain fuinnimh ón ghrian chun an chathair uilig a shoilsiú ar bhealach go raibh astaíochtaí nialasacha acu.

Rinne Max tomhais ar a smaointe agus dhéan sé iarracht magadh fúithi arís. “Bhfuil a fhios agat, chun uasmhéid éifeachtúlachta a fháil, bhí sé de cheart againn dath dubh a chur ar na foirgnimh sin, mar sin an dath a ionsúann gathanna go léir na gréine,’ a dúirt sé.

 “Tá todhchaí inbhuanach agus dathannach ag teastáil uaim,’ a d’fhreagair sí, agus meangadh gáire uirthi.