Ó Ábhar go hArdábhair

Office
© SGI 2014

Ag leagan an bhealaigh i dtreo todhchaí níos fearr. 

Is as ábhair a dhéantar chuile rud 

Tráthnóna breá te a bhí ann. Bhí Max and Lily ag ligint a scíth san oifig. Bhí Max scimeáil ar-líne agus bhí úrscéal á léamh ag Lily. Bhuail ionsparáid tobann Lily agus dhún sí a leabhar. “Féach timpeall ort,” a dúirt sí le Max, agus í ag suí go compordach ina cathaoir leathair. “Cé mhéad ábhar éagsúla a aithníonn tú?” D’ardaigh Max a mala agus lig sé méanfach as. “

Dáiríre.” a dúirt sí. D’éirigh Max agus aghaidh greannmhar á dhéanamh aige. Thosaigh sé ag comhaireamh. “Bhuel, feicim adhmad, miotal, olann, cloch…”

“Cé acu ar déanadh phróisiú orthu agus cé acu atá amh?” a d’iarr sí.

“Bhuel, braitheann sé ar an sainmhíniú! Déanadh próisiú ar an leathair ar a bhfuil tú i do shuí. An t-adhmad sa bhord mar an gcéanna ach déanamh níos lú próisiú ar ná mar a déantar ar pháipéar. Ach déanach próisiú ar chuile ceann acu! Nílimid inár suí sa bhforaois!” a d’fhreagair Max.

Shuí sé síos, ag féachaint uirthi agus d’iarr sé uirthi céard ar a raibh sí ag smaoineamh, a dhéan chomh suimiúil an méid a bhí timpeall orthu.

“Rud éigin a léigh mé….táim ag smaoineamh ar conas mar a bheadh an saol gan ábhair,’ a dúirt Lily, agus fuaim brionglóideach ina guth. 

Ard-Ábhair atá taobh thiar de fheidmeanna an ghnáth-shaoil 

“Ba choir duit smaoineamh ar conas mar a bheadh an saol gan ábhair,” a d’fhreagair sé, ag tógáil fón póca nua as a phóca. Bhain sé an ceallra ón bhfón agus thaispeáin sé an cárta cuimhne di.

 “An bhfeiceann tú é? Teiribheart amháin stórais aige, i slis atá níos lú ná pónaire. Stórálann sé níos mó ná 1,000 uair d’fhíseán ardtaifeach. Agus féach ar seo.” Bhain sé an ceallra de agus chuir ós a comhair é. “Sábhalann sé fuinneamh ón ghrian nó ó ghluaiseacht agus maireann sé ar feadh ceithre seachtaine. Ní cuimhním cén uair deireanach a theip ar mo cheallra.”

Chraith Lily a ceann agus dúirt sí gur féidir uaireanta ard-ábhair a fháil sa chorp daonna; ó lionsa tadhaill go steintíní go géaganna saorga. Luaigh sí freisin, agus díogras inti, go raibh nana-cáithníní ina lóis gréine. Cáithníní bheaga bhídeacha, 10,000 n-uaire níos tanaí ná ribe gruaige agus a raibh de chumas acu cosaint a thabhairt roimh réimse níos leithne UV ná grianscathanna tradisiúnta. Bhí níos mó suim ag Max, áfach, sna ard-ábhair a thug uasmhéid éifeachtúlachta do ríomhairí, gluaisteáin, fóin póca agus painéil gréine. Bhí suim ag Lily sna painéil gréine chomh maith, mar fhoinse in-athnuaite fuinnimh. Bhí suim aici i gcónaí i dteicneolaíochtaí ghlasa. Lean siad ag caint is ag caint, iad beirt ag iarraidh cur leis an uimhir ard-ábhar sa chomhrá.

“Bhfuil a fhios agat céard a bheadh go deas?” a dúirt Max. “Na ard-ábhar seo a ath-chruthaigh an domhan mór-thimpeall orainn agus a dhéan níos tapúla, níos saoire agus níos éifeachtúla é, a mhapáil le chéile .”

 “Agus níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe,” a dúirt Lily.

“D’fhéadfaimis dhul ar turas timpeall na hEorpa chun na teicneolaíochtaí seo a fheiceáil, atá bunaithe ar ard-ábhair agus a d’athraigh ár saol ó bhun,” a dúirt sé, agus an ríomhaire glúine á ath-oscailt aige. Thosaigh sé ag clóscríobh go tapaidh, agus ceann-scríbeanna póitéinsiúla á lorg aige.

“Ach fan, cén sainmhíniú a thabharfá ar ard-ábhar?” a d’iarr Lily.  

Cén ábhar gur féidir ard-ábhair a thabhairt orthu? 

“Bhfuil a fhios agat, barr-ábhair; ábhair le feidhmíocht fíor-ard ó thaobh airí amháin de,’ a d’fhreagair Max.

“Cosúil le….” a d’iarr Lily.

“Ábhair ultrai-chrua…nó ábhair forsheoltóireachta a sheolann leictreachas le frithbheartaíocht nialasach.  Nó ma cinn nach maith leo uisce agus a éarann go láidir é, na cinn sár-hidreafóbacha. Nó na nana-ábhair a luaigh tú cheana féin; na cinn atá i do lóis gréine; nana-cáithníní agus le sin, nanachláracha, nanafeadáin, nanasreanganna,” a dúirt sé.

“Céard faoi na cinn a dhéanann aithris ar an nádúr? Déanann an duine daoine aithris de shíor ar an nádúr chun teicneolaíocht dá gcuid fhéin a chruthú. Ó éanlaithe a scrúdú chun eitilt a chumasú, go dathú struchtúrach a lig dúinn fáil réidh le ruaimeanna agus  tuarthóirí a dhéan dochar don timpeallacht,” a dúirt Lily.

“Cinnte, cuirfimid bi-aithris san áireamh,” a d’aontaigh Max agus é ag clóscríobh.

“Agus freisin, ábhair coimhthíocha, cosúil le comhiotail crutha cuimhne; ‘sé sin ábhair atá ar a gcumas cuimhneamh ar chruth áirithe agus gur féidir leo é a nochtú nuair is gá.”

“Is maith liom na cinn sin freisin,” a dúirt Max, agus ansin, “Tá sé réitithe! Seo linn chuig na hEorpa!”

D’fhéach Lily go gear air, agus é á seiceáil isteach ar-líne. “Bhí sé sin tapaidh,” a dúirt sí.