Priontáil 3d

3Dprint2
© SGI 2014

Chuile rud a phriontáil

Bhí Max agus Lily ag baint sult as siúlóid deas bPáirc Hyde. Bhí Max go mór-mhór, ag iarraidh dul níos gaire do Speakers’ Corner, agus topaicí éagsúla eolaíochta agus teicneolaíochta ina eagna aige, gur theastaigh uaidh anailís a dhéanamh orthu, ar mhaithe le h-aon duine a éisteodh leis. Bhí áthas ar Lily bheith ag spaisteoireacht timpeall, ag tógáil griangrafanna dos na h-éin, na lachan, ná h-ealaí agus creatúir dathannacha eile, go dtí gur tharraing rud éigin aisteach a h-aird.

Ba chosúil go raibh anacair ar lacha beag bídeach. Tar éis bheith ag breathnú air ar feadh cúpla nóiméad, baineadh geit as Lily nuair a chonaic sí go raibh a chos caillte aige. Thaispeáin sí do Mhax é agus d’iarr sí air an raibh aon rud go bhféadfadh siad a dhéanamh dó. Bhí meon aigne ag Max, a réitigh fadhbanna, agus tháinig sé suas le smaoineamh iontach.

“An cuimhin leat an gnó priontála sin a chonaic muid agus muid ar an mbealach anseo?” a d’iarr sé, ag meabhrú di go raibh ‘Priontálann muid chuile rud!’ mar  motto acu. Dá mba fíor sin, a dúirt sé, d’fhéadfadh siad cos lacha próistéiteach a phriontáil, nach bhféadfadh?

‘Cinnte is féidir linn!’ a dúirt fear le h-aghaidh dearg, agus é ag déanamh meangadh gáire leo. Ba cheannaire roinn próistéiteach an ghnó é. “Tá líonraí soithíocha priontáilte againn fiú,’ a dúirt sé, go bródúil. Ansin thóg sé sraith de ghrianghrafanna de chos mhaith an lacha agus thosaigh sé ag dearadh an próistéis. Mhol sé máinlia a bheadh in ann an chos a cheangailt go sábhálta.

Phlé Max agus Lily leis an cineál ábhair a dhéanfadh an cos próistéiseach is fearr. Plaisteach, miotal, ceirmeacht agus céir a bhí mar phríomh-roghanna acu. Chun cinneadh eolach a dhéanamh, d’iarr siad níos mó sonraí air, faoi chonas mar a d’oibrigh priontáil 3D.

Bhí a fhios acu cheana féin gur próicéas a bhí i bpriontáil 3D inar cruthaíodh réad-ábhar ó bhun. Sraith ar sraith, cuireann an printéir ábhar ar a chéile ag leanúint pátrún 3D, go dtí go bhfuil an réad-ábhar uilig cruthaithe. Is beag srian atá le cruth an réad-ábhair.

Tá réimse agus lion na feidhmeanna atá aige dochreidte. Is féidir aon rud a phriontáil; ó réadábhair ealíne, dearadh, dealbhú, go gnáth- mhíreanna úsáideacha, cosúil le spúnóg nó scriú, agus ó seodra nó oiriúnití faisean cosúil le hataí priontáilte, go dtí na comhdhúileacha is coimpléasach de ghléasanna aeraspáise nó uathghluaisneach. Thóg cuid den phriontáil is foircní teach iomlán agus…pancóga! Sea, úsáideadh priontáil 3D i gcúrsaí  ailtireachta agus gastranamaíochta go rathúil.

D’athraigh priontáil fréamhshamhaltú ó bhun chomh maith; fuair forbairt tairgí borradh, toisc go raibh sé i bhfad níos éasca leaganacha difriúla a chruthú de tháirge nua. Is féidir dá thoradh, teacht ar réiteach optamach ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtúla.

Faightear cuid dos na feidhmeanna is tábhachtaí agus nach raibh súil leo, i réimse an leighis agus na bitheolaíochta. Rinne taighdeoirí cillíní a phriontáil amach ó na dúáin, an ae agus an croí fiú amháin.

Déantar dearadh saincheaptha ar ionchlannáin fiacla ceirmeacha, alt chromáin miotail, agus athbhall glúine go mionsonrach agus priontáiltear iad do riachtanaisí chuile othar.

Bhí greim ag Lily anois ar an othar beag ina lámha; ní rabhadar ag súil leis, ach bhí sí fhéin agus Max diongbháilte go bhfaigheadh an éan lachan beag cos nua feidhmiúil.