Leathsheoltóirí

Pisa Sketch
© SGI 2014

Blocanna tógála na Sibhialtachta

 “Sílim gurb’ iad na blocanna a ba chúis leis an bhfadhb. Bhíodar ró-bhog nó ró-bhriosc! Ní raibh blocanna cré ag an am sin ró-mhaith, mar is féidir a shamhlú,’ a dúirt Max, agus é ag breathnú ar an gclogás.

 “Ní mar sin atá an cás seo. Ní as blocanna a tógadh an foirgneamh seo fiú amháin! Is as marmair atá sé déanta, agus bhí sé ró-throm agus an talamh ró-bhog, dar leis an treoraí,’ a dúirt Lily agus thaispeáin sí a thaispéantas dó, áit a raibh hologram d’Ollamh Staire na hIodáile ag labhairt. ‘Tá na brící go breá. ‘Siad blocanna tógála d’ár sibhialtacht iad, go fíorasach.’

 “I ndáiríre? Brící? Blocanna tógála ár sibhialtacht, meas tú?’ Bhí Max ag gáire. ‘Céard iad mar sin?’ a d’iarr Lily. ‘Cruach? Adhmad? Ard-ábhar? Cóimhiotal corr?’

 “Bhuel, féach timpeall ort? Céard a fheiceann tú?” a dúirt Max. D’fhéach Lily timpeall uirthi agus chonaic sí Túr Pisa, an Ardeaglas, an Piazza del Duomo, na foirgnimh go léir…b’as brící nó marmair ar tógadh iad. D’iarr Max uirthi na daoine timpeall uirthi a fheiceáil. Bhí ceamairí de chuile short, fóin póca, táibléidí, phaibléidí agus chuile cinéal gléas leictreonach ag na turasóirí go léir.

 “Agus? Meas tú gurb iad leictreonacha na blocanna tógála?” Is as ciorcaid atá  chuile gléas déanta; trasraitheoirí, sliseanna, dé-óidí, friotóirí. Chuile ceann acu tógtha timpeall ar ábhar le seoltacht gur féidir a thiúnadh, leath-sheoltóir.

‘Séard tá i seoltóir, mar a thugann a ainm le fios, ná ábhar a sheolann sruth, ‘sé sin go ligean sé do shruth leictreach sreabhadh tríd; déanann inslitheoir a mhalairt, ní sheolann sé sruth. Tarlaíonn sé seo toisc go  bhfuil leictreoin saor i struchtúr na seoltóirí, rud nach bhfuil ag inslitheoirí. Áiríonn seoltóirí ábhair ar nós airgead, copair (miotail­­) ina measc, agus áiríonn inslitheoirí gloine agus páipéar.

Tá leathsheoltóir i lár baill. Is féidir leis sruth a sheoladh, ag braith ar na coinsí timpeall air, nó ní seolfaidh sé é. Is féidir linn seoltacht an leathseoltóra a athrú go héasca tré é uimhir na leictreoin saor atá aige a mhodhnú, tré é a théamh, a shoilsiú nó tré an réimse leictreach timpeall air a athrú. Tré leathsheoltóir a théamh, ligtear saor na leictreoin agus ligtear dóibh bogadh go saor idir na n-adamh, ‘sé sin is cúis leis an téarma ‘leictreoin saor.’

Tá Sileacan agus Géarmáiniam ar na leathsheoltóirí is cáiliúla ar fad.

 

‘Siad leathsheoltóirí blocann tógála chuile gléas leictreonach analog nó digiteach, ar nós dí-óidí, trasraitheoirí, grianchealla, LEDS agus taispeántais, ciorcaid comhtháite, braiteoirí. Samhlaigh domhan gan slis leictreonach ar bith, gan fón póca nó táibléid ar bith, gan treallamh leighis leictreonach, gan aon ard-chláracha smachta i gcarranna nó éitleáin…seo mar a bheadh domhan gan leathsheoltóirí.

 “Ceart go leor mar sin, ‘siad leathsheoltóirí blocanna tógála an domhain seo? Ciallaíonn sé sin géarmáiniam agus sileacain? Ar chuala tú riamh ar Silicon Valley? Silicon Glen &rl? Tá siad in ainm is a bheith ina n-ionad ardteicneolaíochta.”

 “Go deimhin, ní sileacain nó géarmáiniam amháin atá i gceist. Tá go leor ábhair leathsheoltóireachta eile ann agus tá rianta d’eilimintí eile iontu ar nós bóróin agus fosfar. Athraíonn na rudaí breise seo lion na leictreon saor. Is maith na rudaí iad teaglamaí. Bhí an smaoineamh seo á mhealladh ar bhealach fo-chomhfhiosach, chun an gelato cáiliúil Iodáileach a chur le sceallóga. D’ordaigh sé fanaile agus sceallaí seacláide agus meangadh gáire mór air.

 “Cé mhéad leictreoin saor atá i do uachtar reoite?’ a dúirt Lily leis, a mhagadh.

“D’fhéadfadh Gelato a bheith mar bhloc tógála m’aiste bhia!” a d’fhreagair Max agus a bhéal lán aige.