Ceallraí

Bil Sketch Færdig Med Farve1
© SGI 2014

Athlíonadh Cheallraí

“Caithfidh muid stopadh ag stáisiún luchtaithe”  a dúirt Lily go réidh, agus iad ag fágáil Mórbhealach Soleil agus ag tabhairt faoin Bhealach Eorpach E15. Bhí an bheirt cara ag fágáil Párás agus ag dul go Como, baile dúchais Alessandro Volta, céadcheapadóir ceallraí.

 “Tuige nár dúirt tú seo níos luaithe?” a dúirt Max de ghearán, ag breathnú ar an mbóthar folamh os a gcomhair. “Is cinnte go ndeachaigh muid thar trí stáisiún luchtaithe ar a laghad agus muid sa chathair.’ Lean Lily uirthi ag tiomáint go réidh. “Aimseoidh muid ceann ar an mbealach,’ a dúirt sí leis.

Leath uair a’ chloig níos déanaí, tar éis dul thar Fontainebleau, d’aimsigh siad stáisiún luchtaithe ‘ar sráide’ agus stop Lily. Thuirlingeadar beirt agus chuireadar pluga an chairr sa soicéad.

 “Tógfaidh sé ciúg nóiméad déag ar bheith lán luchtaithe,” a d’fhógraigh Lily. “Céard? Tá mód tapaidh sa mbaile againn a dhéanann i leath na h-ama é,’ a dúirt Max. “Cén deifir atá ort?” a d’iarr Lily air. “Rachaidh muid ar siúlóid; tá an nádúr go h-álainn anseo. Níl an fhoraois i bhfad uainn.”

Níor éist Max leis an moladh sin mar theastaigh uaidh a ríomhaire glúine a luchtú áit éigin. Dúirt Lily nach raibh stáisiún luchtaithe carranna leictreacha oiriúnach chun aon ghléas eile a luchtú. Dúirt Max go raibh an bunphrionsabal céanna i gceist.

Déanann chuile ceallra an rud céanna; tiontaíonn siad fuinneamh ceimiceach atá stóráilte iontu go fuinneamh leictreach.

Tá dhá theirminéal ag gach ceann acu, ceann dearfach agus ceann diúltach, ar a dtugtar leictreoidí atá déanta as ábhair speisialta. Tá ábhar freisin a scarann iad, an leictrilít. Tá cumas ar Leith ag leictrilítí; tá luchtanna iontu a bhfuil ar a gcumas bogadh istigh iontu. Téann na luchtanna dearfacha ó leictreoid amháin agus na luchtanna diúltacha go dtí an ceann eile, de bharr imoibrithe cheimiceach a tharlaíonn.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil sruth dírithe de luchtanna leictreacha againn taobh istigh de cheallra. Is leanúint é an sruth leictreach sin, a thugann cumhacht do ghléas ar nós ríomhaire glúine, den sruth sin taobh amuigh den cheallra, tríd sreang.

 Tá an ceallra ídíthe nuair a shroiceann chuile lucht san leictrilít a ceann scribe ar na leictreoin. Seo hé nuair atá an fuinneamh cheimiceach uilig atá ar fail uaidh úsáidte.

Agus é ag luchtú, baineann an ceallra cumhacht leictreach ón soicéad chun é a thiontú ar ais go fuinneamh cheimiceach. Bogann na luchtanna a thagann isteach sa leictriít i dtreoanna urchomhaireacha agus úsáidtear fuinneamh leictreach chun fuinneamh cheimiceach a threisiú.

Athraíonn toilleadh fuinnimh an cheallra ag braith ar na h-ábhair as a bhfuil na ceallraí déanta, mar is féidir le h-ábhair áirithe níos mó fuinneamh cheimiceach a stóráil ná cinn eile. Úsáidtear litiam go forleathan chun luchtanna leictreacha a stóráil agus a iompar taobh istigh den cheallra. Ach ní ábhar coitianta é litiam. Laghdaíonn ard-ábhair an am luchtaithe agus úsáidtear anois iad in áit tearc-ábhair, cosúil le litiam, nó ábhair a bhí tocsaineach, cosúil le caidmiam, luaidh nó méircéar. Tá leictreoidí ag ceallraí nua atá déanta as nan-ábhair de bhunús charbóin cosúil le nanafeadáin charbóin agus tá siad ‘saor ó ligean’, mar cuireadh poiliméirí lucht-seolta in áit a bpáirteanna leachtacha.

“Tá siad seo go léir go h-iontach,’ a dúirt Lily “ach cén fáth go gceapann tú gur féidir leat do ríomhaire glúine a luchtú anseo?”

 “An próicéas céanna, na h-ábhair chéanna, cén fáth nach  mbeinn in ann?” a dúirt Max, ag seiceáil go rúnda nach raibh ach ciúg nóiméad fágtha go dtí go mbeadh can carr luchtaithe go h-iomlán.

 “Mar dófadh an luchtóir seo do ríomhaire glúine, sin an fáth! Tá an fhoinse ró-láidir. Tá an voltas ollmhór!”

“Cén voltas atá aige?” a d’fhiafraigh Max di, go soineanta.

Stop Lily ar feadh nóiméad, ag iarraidh fáilt amach an raibh sé ag spocadh aisti ach shocraigh sí freagra a thabhairt ansin. “’Séard atá ann go bunúsach ná claonadh luchtanna leictreacha a bhogadh idir dhá phointí. Idir an dá leictreoid ar a raibh muid ag caint. Má shamhlaíonn muid an sruth leictreach mar uisce atá ag sreabhadh in abhainn, ‘séard atá sa voltas ná an difríocht airde idir dhá phointí. Cuireann sé iachaill ar an uisce sreabhadh i dtreo áirithe, mar a dhéanann eas. ‘Sé 220 Voltanna an difríocht airde a úsáidtear chun do ríomhaire glúine a luchtú. ‘Sé 500 Voltanna an difríocht airde atá ag luchtú ár gcarr faoi láthair. Scriosfar do ríomhaire glúine. Ní féidir leis an oiread sin cumhachta a stóráil.”

 “Ó, an de thoradh an ard-voltais seo go bhfuil an carr luchtaithe cheana féin?” a d’iarr Max, agus meangadh gáire air.

Thuig Lily go tobann go raibh sé ag spochadh aisti, ag iarraidh éalú ó dhul ag siúl sa bhforaois. Thosaigh sí ag siúl i dtreo na foraise, fhad is a ghlaoigh Max uirthi. “Fan! Tá ceallra an chairr luchtaithe go h-iomlán! Tar ar ais! Is féidir linn dul ar siúlóid ag an gcéad stáisiún luchtaithe eile…tar éis 800 kiloméadair!”